Tá clú agus cáil ar Ghaelcholáiste na Mara maidir le cúrsaí spóirt. Laistigh de thréimhse réasúnta ghearr atá an scoil ar an bhfód, tá traidisiún thar a bheith láidir leagtha síos againn. Is cuid lárnach den oideachas iomlánaíoch a fhaigheann buachaillí agus cailíní sa Ghaelcholáiste é an spórt, agus creidimid go láidir go gcuireann sé go mór le forbairt phearsanta, shóisialta agus fhisiciúil na ndaltaí.
Is iad na cluichí Gaelacha agus sacar na spóirt is rathúla go dtí seo i stair na scoile. Bíonn foirne na scoile i bpeil Ghaelach agus i sacar an-iomaíoch i gcomórtais ag leibhéal an chontae agus ag leibhéal Laighean.
Ó thaobh sacair de, bhain Gaelcholáiste na Mara bua Chluiche Ceannais na hÉireann Sinsir Scoile amach in 2023, chomh maith le Craobh Laighean a bhuachaint sé huaire le roinnt blianta anuas. Ina theannta sin, éiríonn leis na foirne go rialta i gcomórtais áitiúla.
Sa pheil Ghaelach agus san iománaíocht/camógaíocht, tá buachaillí agus cailíní na scoile tar éis comórtais Chontae Chill Mhantáin agus comórtais Laighean a bhuachaint, rud a léiríonn ardchaighdeán agus tiomantas na scoláirí.
Cé go bhfuilimid an-rathúil sa spórt, cuirimid béim mhór sa scoil seo ar dheiseanna a chur ar fáil do gach dalta páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt, beag beann ar leibhéal cumais. Cuireann an cur chuige seo le cultúr dearfach, cuimsitheach scoile agus spreagtar spiorad pobail láidir i measc na scoláirí. Bíonn réimse leathan spóirt ar fáil, ina measc:
- Peil Ghaelach
- Iománaíocht
- Camógaíocht
- Sacar
- Lúthchleasaíocht
- Rugbaí
- Seóléimneach
- Snámh
- Galf
- Cispheil
Trí rannpháirtíocht sa spórt, forbraíonn na daltaí scileanna sóisialta tábhachtacha, obair foirne, ceannaireacht agus féin-mhuinín. Gan dabht, is scileanna iad seo a sheasfaidh leo amach anseo sa saol, agus iad ag fás mar dhaoine iomlána, gníomhacha agus rannpháirteacha sa phobal.

Gaelcholáiste na Mara is renowned for sport. In the relatively short time that the school has been established, we have built up an exceptionally strong tradition.
Sport is a central part of the holistic education that boys and girls receive in Gaelcholáiste na Mara, and we firmly believe that it contributes greatly to the personal, social and physical development of students.
Gaelic games and soccer have been the most successful sports so far in the history of the school. The school teams in Gaelic football and soccer are highly competitive in competitions at county level and Leinster level.
In soccer, Gaelcholáiste na Mara won the All-Ireland Senior Schools Final in 2023, as well as winning the Leinster Championship six times in recent years. In addition, the teams regularly succeed in local competitions.
In Gaelic football and in hurling/camogie, the boys and girls of the school have won Wicklow county competitions and Leinster competitions, which demonstrates the high standard and commitment of the students.
Although we are very successful in sport, we place a strong emphasis in this school on providing opportunities for every student to participate in sporting activities, regardless of ability level.
This approach contributes to a positive, inclusive school culture and encourages a strong community spirit among the students.
A wide range of sports is available, including:
- Gaelic football
- Hurling
- Camogie
- Soccer
- Athletics
- Rugby
- Show jumping
- Swimming
- Golf
- Basketball
Through participation in sport, students develop important social skills, teamwork, leadership and self-confidence. Without doubt, these are skills that will stand to them in the future, as they grow into well-rounded, active and engaged members of the community.