Féinmheastóireacht Scoile i nGaelcholáiste na Mara
2024–2026
Cothromas, Ionchuimsiú agus Folláine tríd an gCruthaitheacht
An Fócas
Trí phlé ag cruinniú foirne in 2024, d’aontaigh foireann Ghaelcholáiste na Mara go mbeadh cothromas, ionchuimsiú agus folláine mar phríomhspriocanna againn sa chéad tréimhse den Fhéinmheastóireacht Scoile, 2024–2026.
Chun tacú leis sin, phléigh an fhoireann bhainistíochta agus an fhoireann mhúinteoireachta ar fad iarratas a chur isteach ar an tionscnamh Scoileanna Ildánacha, scéim atá faoi riar ag an gComhairle Ealaíon / The Arts Council. Chualamar go luath gur ghlac siad lenár n-iarratas, agus glacadh linn ar an gclár dhá bhliain sin, tréimhse a shuígh isteach go deas lenár spriocanna dhá bhliain FMS chomh maith. Fuair Gaelcholáiste na Mara deontas €4,000 mar chuid den scéim, chomh maith le tacaíocht ó bheirt chomhairleoirí ón gComhairle Ealaíon.
Rannpháirtíocht gach uile dhalta sa scoil
Tháinig foireann múinteoirí le chéile chun tacú leis an tionscnamh a bhí ar bun againn. Rinneamar sraith suirbhéanna le daltaí agus le múinteoirí uile na scoile chun a gcuid tuairimí a fháil. Phléamar suíomh na scoile agus shocraíomar tionscnamh ealaíne a chruthú a bheimis in ann a bhogadh go suíomh nua na scoile nuair a bheadh sé réidh.
Mar sin, shocraíomar painéil ealaíne bhalla a chruthú. Chomh maith leis sin, theastaigh uainn go mbeadh an tionscnamh ionchuimsitheach, agus go mbeadh páirt ag gach dalta sa scoil ann. Ar deireadh, vótáil na daltaí gur theastaigh uathu péinteáil a dhéanamh, le painéal difriúil do gach bliain. Feidhmeodh na painéil phéinteáilte mar shaothair ealaíne bhuana a shiombailíonn comhoibriú agus téamaí atá bríoch do phobal na scoile.
Vótáil gach uile dhalta sa scoil ar na téamaí a bhain le gach painéal:
- Bliain 1: Spórt
- Bliain 2: Nádúr
- Bliain 3: An Fharraige
- Bliain 4: An Ghaeilge
- Bliain 5: Nádúr
- Bliain 6: Cairdeas
Ag Cruthú an Tionscnaimh
Fuaireamar an t-ealaíontóir gairmiúil Austin Hearne chun teacht chuig an scoil chun an tionscnamh a stiúradh agus na daltaí a mhúineadh. Ar feadh deich n-iarnóin Dé Céadaoin, tháinig sé amach chugainn, ag obair den chuid is mó le Rang Acla ón Idirbhliain, a bhí mar bhuncloch don tionscnamh seo.
Chomh maith leis sin, fuair gach uile dhalta deis píosa beag den tionscnamh a phéinteáil agus a chur le himill na bpainéal. D’fhoghlaim na daltaí teicnící éagsúla ó Hearne, chomh maith le scileanna foirne agus scileanna rannpháirtíochta, a mbeidh cabhrach dóibh ina saol cruthaitheach as seo amach.
Anois, tá na painéil bhalla críochnaithe agus curtha suas i lár na scoile, áit ar féidir leis na daltaí a gcuid oibre a fheiceáil. Nuair a bhogfaimid isteach sa scoil nua, tiocfaidh siad linn.
Ag Roinnt an Phróisis
Thógamar grianghraif den obair go rialta agus roinneamar dul chun cinn an tionscnaimh le pobal na scoile ar Instagram.
Láinseáil an Tionscnaimh
Rinneadh ceiliúradh ar an obair seo ar fad le linn sheoladh an tionscnaimh Dé Céadaoin, 25 Feabhra, ag 13:00. Bhí grúpa mór daltaí ag canadh agus ag seinm ceoil le chéile, agus tugadh óráidí ó lucht bainistíochta, ó mhúinteoirí na scoile, agus ó ionadaithe ó Scoileanna Ildánacha agus ón gComhairle Ealaíon.

School Self-Evaluation in Gaelcholáiste na Mara
2024–2026
Equity, Inclusion and Wellbeing through Creativity
The Focus
Through discussion at a staff meeting in 2024, the staff of Gaelcholáiste na Mara agreed that equity, inclusion and wellbeing would be our main priorities during the first phase of School Self-Evaluation, 2024–2026.
To support this, the management team and the full teaching staff discussed submitting an application for the Creative Schools initiative, a scheme administered by the Arts Council. We soon heard that our application had been accepted, and we were admitted to the two-year programme, a timeframe that also fitted well with our two-year SSE goals. Gaelcholáiste na Mara received a grant of €4,000 as part of the scheme, as well as support from two advisers from the Arts Council.
Participation of Every Student in the School
A team of teachers came together to support the initiative we had undertaken. We carried out a series of surveys with students and teachers throughout the school to gather their views. We discussed the location of the school and decided to create an art project that we would be able to move to the new school site when it was ready.
Therefore, we decided to create wall art panels. In addition, we wanted the project to be inclusive, with every student in the school playing a part in it. Finally, the students voted that they wanted to paint, with a different panel for each year group. The painted panels would function as permanent works of art symbolising collaboration and themes that are meaningful to the school community.
Every student in the school voted on the themes for each panel:
Year 1: Sport
Year 2: Nature
Year 3: The Sea
Year 4: The Irish Language
Year 5: Nature
Year 6: Friendship
Creating the Project
We invited the professional artist Austin Hearne to come to the school to lead the project and teach the students. For ten Wednesday afternoons, he came out to us, working mainly with Rang Acla from Transition Year, who formed the foundation of this project.
In addition, every student had the opportunity to paint a small piece of the project and add it to the edges of the panels. The students learned various techniques from Hearne, as well as teamwork and participation skills that will help them in their creative lives from now on.
The wall panels are now complete and have been put up in the centre of the school, where the students can see their work. When we move into the new school, they will come with us.
Sharing the Process
We took photographs of the work regularly and shared the progress of the project with the school community on Instagram.
Launch of the Project
The work was celebrated during the launch of the project on Wednesday, 25 February, at 13:00. A large group of students sang and played music together, and speeches were given by management, teachers from the school, and representatives from Creative Schools and the Arts Council.
Cáipéisí eile
FMS 2122-Torthaí Suirbhé 1
Tuairisc FMS - 2024