An Idirbhliain
Idir an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht, faigheann tú deis annamh, bliain chun smaoineamh ar cad is maith leat i ndáiríre, scileanna a fhoghlaim nach dtomhaiseann scrúduithe, agus muinín a chothú.
Comhordaitheoir na hIdirbhliana: Aaron Mac Fhionnlaoich
Cad a Dhéanfaidh Tú?
Gníomhach
Siúil Sliabh Chruachán. Codail amuigh faoi na réaltaí ar son Focus Ireland. Bain triail as scátáil ar oighear, nó do chéad taithí a fháil ar thiomáint.
Cruthaigh agus bí i do cheannaire
Reáchtail both ag Margadh na Nollag. Glac páirt sa chomórtas fiontraíochta. Bí i do cheannaire spóirt nó i do réiteoir CLG, glac páirt i gceardlann drummaí, nó i gcomórtas iriseoireachta.
Tabhair ar ais
Déan obair dheonach go seachtainiúil, éist le cainteoir ó Focus Ireland, agus tuig cumhacht na seirbhíse.
Taistil
Deiseanna taiseal agus gníomhaíochtaí a dhéanamh le do chairde. An Fhrainc, an Iodáil, Bealach Conglais OETC, EPIC, Páirc an Chrócaigh, Visual, AvCon, Scáileáil ar Leac Oighir, agus Kylemore Karting.
Do thodhchaí a phleanáil
Oíche na nGairmeacha, cainteoirí ón saol mór, RCSI MiniMed, agus taithí oibre. Cabhraíonn siad seo leat a fheiceáil cad iad na féidreachtaí, ionas go dtéann tú isteach sa tSraith Shinsearach le treoir shoiléir.
Gaisce – Gradam an Uachtaráin
Tá Gaisce i gcroílár na hIdirbhliana i nGaelcholáiste na Mara. Is dúshlán pearsanta é a chuireann tú romhat féin.
Ceithre chuid ann:
· Foghlaim scil nua (ficheall, giotár, cócaireacht – do rogha féin)
· Déan obair dheonach i do phobal
· Bí gníomhach go fisiciúil – siúlóidí, aclaíocht, cóitseáil
· Téigh ar thuras eachtraíochta a bhrúnn tú chun cinn
Nuair a chríochnaíonn tú Gaisce, taispeánann tú d'fhostóirí amach anseo agus duit féin gur féidir leat sprioc a leagan agus cloí léi.
Daltaí – an oireann Idirbhliain duit?
Is dócha go mbainfidh tú taitneamh as más mian leat taisteal, triail a bhaint as rudaí nua, tograí a stiúradh, obair dheonach a dhéanamh agus má tá tú fiosrach faoi dheiseanna atá os do chomhair.
Seans nach n-oireann sé duit más gá le scrúduithe gach seachtain chun tú a choimead dírithe nó mura dtaitníonn obair foirne leat ar chor ar bith.
"Gan dabht ar bith bhí an taithí oibre an tairbhe is mó a bhain mé amach ón mbliain seo. Bhí sé iontach cabhrach blas a fháil ar shaol as scoil."
"Fuair mé a lán scileanna nua agus chabhraigh sé go mór le mo mhuinín. Freisin, is deis iontach é eispéiris iontacha agus difriúla a bheith agat."
"Fuair mé níos gaire do mo chairde, d'fhoghlaim mé go leor fúm féin, thosaigh mé caitheamh aimsire nua, agus d'fhás mé níos aibí le linn na hIdirbhliana." – Iarscoláirí Idirbhliana GCM
Tuismitheoirí – an bhliain saor í seo?
Ní hea. Tagann scoláirí ar ais go dtí Bl5 níos socraí. Tá buiséad mionchomhlachta reáchtáilte acu. Tá cur i láthair déanta acu os comhair chainteoirí. Tá obair dheonach, stiúradh foirne, agus taisteal déanta acu. Rinne siad botúin in áit shábháilte agus d'fhoghlaim siad uathu.
Siúlóid Chruachán, Margadh na Nollag, cúrsa na Garchabhrach – níl aon cheann díobh seo randamach. Roghnaítear gach gníomhaíocht chun athléimneacht agus féinfheasacht a thógáil.
"Bhí clár na hIdirbhliana ar fheabhas agus ní féidir liom moladh go leor a thabhairt dó. Bhain m'iníon an-taitneamh as an mbliain agus tá sí tar éis fás i muinín agus in aibíocht." – Iartuismitheoir

Transition Year
Between the Junior Cert and the Leaving Cert, you get a rare opportunity, a year to discover what you actually enjoy, build skills that exams can't measure, and grow in confidence.
What You'll Actually Do
Be Active
Hike Croghan Mountain. Sleep out under the stars for Focus Ireland. Try ice skating, or even get behind the wheel of a car. End the year with a bang at Dunmore Adventure.
Create and lead
Run a stall at the Christmas market. Take part in the entrepreneurship competition. Become a sports leader or a GAA referee, a drumming workshop, or a journalism competition.
Give back to your community
Volunteer locally with weekly volunteer placement, hear from Focus Ireland, and understand the power of service.
Travel and explore
France, Italy, EPIC museum, Baltinglass OETC, Croke Park, the Irish Film Institute, Collins Barracks, AvCon, and Dunmore Adventure. Trips like these help students bond with classmates and are often highlights of the year.
Plan your future
Careers Night, guest speakers, RCSI MiniMed, and work experience help students see what's possible, so you enter Senior Cycle with direction.
Gaisce – The President's Award
Gaisce sits at the centre of TY in Gaelcholáiste na Mara. It's a personal challenge you set for yourself.
Four parts to it:
· Learn a new skill (chess, guitar, cooking – your choice)
· Volunteer in your community
· Get physically active – hiking, gym, coaching
· Go on an adventure journey that pushes you
Completing Gaisce shows future employers and yourself that you can set a goal and stick with it.
Students – will TY suit you?
You'll probably enjoy it if you want to travel, try new things, lead projects, volunteer, and get a clearer answer to "What next?"
It might not be for you if you need exams every week to stay focused or really don't like working in teams.
"Gan dabht ar bith bhí an taithí oibre an tairbhe is mó a bhain mé amach ón mbliain seo. Bhí sé iontach cabhrach blas a fháil ar shaol as scoil."
"Fuair mé a lán scileanna nua agus chabhraigh sé go mór le mo mhuinín. Freisin, is deis iontach é eispéiris iontacha agus difriúla a bheith agat."
"Fuair mé níos gaire do mo chairde, d'fhoghlaim mé go leor fúm féin, thosaigh mé caitheamh aimsire nua, agus d'fhás mé níos aibí le linn na hIdirbhliana." Past GCM TY Students
Parents – is this a year off?
No. Students come back to fifth year more settled. They've run a mini-company budget. They've presented to guest speakers. They've volunteered, led teams, travelled. They've made mistakes somewhere safe and learned from them.
The Croghan walk, the Christmas market, the First Aid course and many other activities are chosen carefullyto build resilience and self-awareness.
"The TY programme was excellent and I cannot praise it enough. My daughter has really enjoyed the year and has grown in confidence and maturity." Past Parent