Focal ón bPríomhoide

Fáilte chuig Gaelcholáiste na Mara agus chuig suíomh idirlíne na scoile. Ar an suíomh seo tá eolas faoi réimse leathan de ghnéithe éagsula bainteach le saol na scoile, gnéithe acadúla agus imeachtaí seach-churaclaim ina measc.

Scoil lán-Ghaeilge dara leibhéal mheascaithe is í Gaelcholáiste na Mara. Tá an scoil faoi phatrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara/Chill Mhantáin. Bunaíodh an scoil i Mean Fómhair 2007 agus tá fás agus forbairt tagtha uirthi ó shin. Tosaíodh ar an Idirbhliain i Mean Fómhair 2010 agus rinneadh scrudú na hArdteistiméireachta don chéad uair sa scoil i 2013.Faoi láthair tá 276 scoláire cláraithe sa scoil don bhliain 25/26.


Is scoil dhigiteach sinn agus tá Ipadanna in úsáid againn ar scoil. Tá áiseanna agus tacaíocht don scoth sa scoil maidir le teicneolaíocht fáisnéise agus chumarsáide. Tosaíodh ar thionscnamh ipad sa bhliain 2014/15 agus anois tá ipad ag foireann agus scoláirí na scoile uile. Creidimid go láidir go dtugann an teicneolaíocht nua seo deiseanna oideachaisiúla dár scoláirí chun iad a ullmhú don 21ú chéad.

Tá béim freisin ar imeachtaí breis-curaclam. I measc an spórt a imrítear sa scoil tá Peil Ghaelach, Sacar, Iomanaíocht, Camógaíocht, Rugbaí, Rasaíocht Treas-tíre, snámh srl. Tá Dramaíocht ar siúl ann, Cór, Banna Ceoil agus Club Lego Robots. Eagraítear Díospóireachtaí, Tráth na gCeist Boird, Ceolchoirmeacha, Seachtain na Gaeilge agus imeachtaí eile do scolairí i rith na bliana. Tá Comhairle na nDaltaí an-ghnóthach agus gníomhach againn sa scoil. Chomh maith le sin tá Muintir na Mara(Coiste na dTuistí) an-chabhrach ag eagrú imeachtaí difriúla i rith na bliana.

Ós rud é gur scoil bheag í bíonn sár-aithne ag an bhfoireann scoile ar gach dalta agus tugtar cúram an-mhaith do gach éinne Tá béim ar smacht dearfach agus tugtar aitheantas do scoláirí ar sár-iompar i rith na scoilbhliana. Bíonn aitheantas ar leith tugtha go scoláirí atá ag cur Gaeilge chun cinn sa scoil.

Scoil Ghlas is í Gaelcholáiste na Mara. Bronnadh Bratach Glas uirthi ó bhunaíodh í. Tá béim láidir sa scoil ar chaomhnú na timpeallachta, ar athchursáil, athusáid agus gearradh siar.


Déaglán Ó Laoire, Príomhoide na Scoile

Welcome to Gaelcholáiste na Mara and to our updated website. We look forward to keeping you informed of the latest developments in the school, both academic and extra-curricular.

We are proud of our growth and development since the establishment of the school in 2007 with 23 students. The achievement of our students academically, in extra-curricular activities, sport, and the world of work is a matter of great pride to us all.

A special thanks to the teaching and support staff of Gaelcholáiste na Mara, for their enthusiastic input and support to ensure that the very highest standards are achieved by students at all times in all areas of school life.

Gaelcholáiste na Mara is an all-Irish, mixed, multidenominational, second-level school under the patronage of Kildare/ Wicklow Education Training Board. The school was founded in September 2007 and had developed and expanded since then. The Transition Year Programme commenced in the school in September 2010 and the Leaving Certificate programme commenced in September 2011. There are 276 students currently enrolled in the school for the year 25/26

Gaelcholáiste na Mara is a digital school. The school has excellent IT facilities and support. The ipad project commenced in 2014/15 and after a phased in approach, now all teachers and students use an ipad as a daily educational tool. We strongly believe that the use of modern technology greatly enhances the learning experience of our students and helps prepare them for life in the twenty-first century.

There is a strong emphasis on extra-curricular activities. Sporting Activities on offer include Peil Ghaelach, Soccer, Hurling, Camógaíocht, basketball, Rugby, swimmimg and Cross-country running. Drama, Debates, Table-Quizzes, Concerts, Seachtain na Gaeilge and other events are organized during the school year. We also a very active Comhairle na nDaltaí (Student Council) in the school and Muintir na Mara(Parents Council) who support the school with the organisation of various events throughout the year.

As this is a small school the teaching-team know the students very well and take excellent care of them. Positive Disciple is encouraged and students are rewarded for good behaviour. Students also get special recognition for their promotion of the Irish Language in the school.

Gaelcholáiste na Mara is a Green School. The school has to date been awarded six Green Flags by An Taisce. There is a strong emphasis on Care for the Environment, Reducing, Reusing and Recycling.


Déaglán Ó Laoire, Príomhoide na Scoile

Beal 29
2026
Saoire an tSamhraidh
MFómh 02
2026
Gach dalta ar ais i ranganna
Samh 04
2026
Lá Traenála-Scoil Dúnta
© 2026 Gaelcholáiste na Mara