Nuachtlitir Mhíosúil - Mí Eanáir 2025- Gaelcholáiste na Mara

An nuacht is deanaí ó Gaelcholaiste na Mara. Eolas maidir leis an Idirbhliain, imeachtaí ginearálta agus spórt. Bhí mí an-ghnóthach i nGaelcholáiste na Mara mar is iondúil. Seo sampla beag den saol sa scoil.
04-Feabhra-25
Nuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na Mara

Nuacht is déanaí ó Ghaelcholáiste na Mara: Mí Eanáir 2025

‘Ní fhaghann cos’ na comhnaidh aon nídh’

Fáilte ar ais, tá súil againn go raibh saoire deas agaibh go léir!

Ginearálta:

Leath Craobh na hÉireann - Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain:

An mhí seo caite thaistil ár bhfoireann díospóireachta go dtí Baile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh i leath Chraobh na hÉireann - Comórtas Diospóireachta Uí Chadhain. Bhí Aoife Ní Shulleabháin, Freya Muntean agus Lola Ní Eachthighearna ar an bhfoireann. Bhí iomaíocht dhian idir na foirne agus labhair siad go láidir I bhfabhair an ruin “ Tá Éire ag athrú chun feabhais” Faraor, ní raibh an bua acu ach ní fhéadfaimis a bheith níos bródúla astu leis an taispeántas láidir a thug siad - beidh lá eile ag an bPaorach! Caithfimid aitheantas a thabhairt dóibh go léir as an méid oibre a bhí déanta acu…sa scoil, sa bhaile agus ar líne le hOide Eibhlín. Bhí a dtiomantas le moladh cinnte.

Eolaí Óg: Ghlac scoláirí na hidirbhliana, Dannie Ó Dúill, Nicholas Ó Meiscill agus Cian Ó Broin páirt i gcomórtas na n-eolaithe óga le déanaí. D’oibrigh siad go dian ar an eolas ábhartha a bhailiú agus a gcuid torthaí a phróiseáil le hOidí Rebecca agus Aoife. Bhí siad ar fheabhas. Rinneadar an-obair ar fad! Chuaigh muintir fisice agus ceimice na cúigiú bliana go dtí an RDS chun tacú leis na buachaillí

Coiste Glas: Bhuail an Coiste Glas le chéile arís le hOide Aaron. Phléigh siad an cheist maidir le hathchúrsáil ar scoil agus tá súil acu go n-úsáidfidh na daltaí go léir na boscaí bruscair athchúrsála i gceart. Chaith siad an lá ag an zú agus beidh siad ag tabhairt cuairt ar an ionad athchúrsála áitiúil go luath. I rith an ama seo ar fad d’eagraigh siad díolachán cistí chun airgid a bhailiú don choiste.

Club Amhránaíochta:Lean Club Amhránaíochta ar aghaidh le hOide Helen agus tá na daltaí ag baint sult as. Bíonn siad ag tnúth leis gach Aoine.

Cruinniú Tuistí - Bl.5: D’fhreastail scoláirí na cúigiú bliana agus a dtuismitheoirí/caomhnóirí ar chruinnithe tuismitheoirí agus múinteoirí. Tráthnóna tairbheach a bhí ann agus chuidigh sé le dul chun cinn ár ndaltaí.

Snámh: Lean scoláirí na chéad bliana ar aghaidh lena modh snámha sa Chorpoideachas.

Club Aisteoireachta: Lean Club Aisteoireachta ar aghaidh le hOidí Shane agus Lauren. Tá na daltaí ag baint sult agus bíonn siad ag tnúth leis gach Máirt.

Ranganna ceoil: Lean ár ndaltaí ceoil lena gcuid oibre le hOisín. Tá banna ceoil na scoile ag obair go maith le chéile.

Aoi-Chainteoir - GCAT: Thug cainteoir ón oifig fiontraíochta áitiúil caint an-tairbheach don Bl.5 agus Bl.6. Díríodh ar fhiontraíocht agus ar ghnó.

Bréagscrúdithe Praiticiúla Ceoil: Rinne scoláirí ceoil na séú bliana a mbréagscrúdú praiticiúil sa cheol. Thug sé seo deis dóibh a fheiceáil cá bhfuil siad agus cad atá le déanamh acu don scrúdú sna seachtainí atá romhainn.

Cuairt Scoile ón gComhairleoir Cruthaitheach, An Chomhairle Ealaíon: Thug cainteoir ón gComhairleoir Cruthaitheach cuairt don scoil chun tionscadail nua a phé linn. Beidh ár scoil ag glacadh páirte sa tionscnamh don dá bhliain atá romhainn.

An Idirbhliain:

Obair Dheonach: Thosaigh an grúpa 2 YSI lena n-obair dheonach le déanaí. Chuaigh grúpa amháin go dtí teach altranais agus grúpa eile go dtí an Gaelscoil. Leanfaidh siad ar aghaidh leis seo ar feadh cúpla seachtain.

Ceardlann Drummaí: Rinne na daltaí go léir ceardlann drumadóireachta le 'Rhythm and Shakes’ an tseacthain seo caite. Lá iontach don cheol is don chruthaitheacht a bhí ann.

Aoi-Chainteoir LEO: Thug cainteoir ón oifig fiontraíochta áitiúil caint an-tairbheach don bhliain ghrúpa agus thug sé tacaíocht dóibh maidir lena mionchomhlachtaí.

Turas go ‘Kylemore Karting’: Bhí lá iontach acu ag 'Kylemore Karting' ag luascadh timpeall na rianta agus bhí lón acu ina dhiaidh sin.

Spórt:

Sacar

Cailíní faoi 15: Bhí cluiche ag na cailíní i gcoinne Choláiste Raithín, faraor níor éirigh leo ana bua a fháil. Bhí cluiche iontach acu - Mí-ádh, a chailíní.

Buachaillí Bl.1: Bhí cluiche ag na buachaillí (bl.1) agus d’éirigh leo an bua a fháil. Is foireann iontach iad agus tá an-acmhainneacht acu. Maith sibh, a bhuachaillí. Bhí cluiche eile acu freisin agus d’éirigh leo an bua a fháil arís. Éireoidh go maith leo sa scoil seo.

Cailíní Bl.1: Bhí cluiche ag na cailíní, bhí sé i gcoinne Templecarrig. Ar an drochuair níor éirigh leo an bua a fháil. Déanfaidh siad athghrúpáil agus ullmhóidh siad don chéad chluiche eile.

Cailíní Bl.1: Bhí cluiche ag na cailíní (Bl. 1), Cluiche crua a bhí ann ach faraor níor éirigh leo. Ba é 3-4 an scór deiridh.

Cailíní faoi 17: Bhí cluiche ag na cailíní ar an Aoine, leathcheannais a bhí ann. D’éirigh leo an bua a fháil, ba é 3-0 an scór deiridh. Cúl ó Meg Ní Chiardha, cúl Katie Nuzum agus cúl eile ó Rose Ní Dhonnchadha. Ar aghaidh leo go dtí an cluiche ceannais Laighean.

Cailíní faoi 17 – Craobh: Bhí cluiche ag na cailíní faoi 17, craobh a bhíann agus bhí sé i gcoinne Choláiste Reachrann. Bhí an aimsir go dona, bhí an fhearthainn an-trom goe deo agus bhí sé an-ghaofar. Ar an drochuair níor éirigh leo. Mí-ádh.

Buachaillí faoi 19: Bhí cluiche ag na buachaillí i gcoinne Woodbrook i leath Chraobh CM/LG. Ba é 9-5 an scór deiridh. Ceithre chúil ó️ Brian Mac Cathmhaoil, dhá chúl ó Cian ó Nualáin, ceann amháin ó Liam de Búrca, ️ceann eile ó Seosamh ó Caoindealbháin agus cúl ó Jack ó Diomasaigh. Ar aghaidh leo go dtí an cluiche ceannais. Beidh sé i gcoinne St. Killians Bré.

Buachaillí faoi 17: D'imir na buachaillí faoi 17 cluiche as baile i gcoinne St. Killians Bré. Cluiche an-dian a bhí ann, ar an drochuair níor éirigh leo. Mí-ádh, a bhuachailí.

Buachaillí faoi 15: Bhí cluiche baile ag na buachaillí faoi 15, bhí sé i gcoinne scoil phobail na gCloch Liath. Bhí an cluiche buaite go luath ag ár mbuachallí, chuir siad taispeántas den scoth ar siúl. Maith sibh!

Buachaillí faoi 15: Bhí cluiche ag na buachaillí, cluiche deacair a bhí ann. Tar éis am breise níor éirigh leo, be é 8-5 an scór deiridh. Mí ádh.

CLG

Buachaillí Sóisir: D’imir na buachaillí sóisir cluiche i gcoinne Ghaelcholáiste Chill Dara. D’imir siad cluiche iontach agus bhuaigh siad.

Traenáil: Bhí ár gcailíní sóisearacha amuigh ag traenáil le Barney. Bhí siad ag ullmhú don blitz atá ag teacht.

Lúthchleasaíocht: Bhí lá iontach ag na mic léinn i gCraobhchomórtas Trastíre Laighean Thoir i bPáirc an Fhionnuisce, le go leor ag cáiliú don chraobh. Maith sibh gach éinne a ghlac páirt, go háirithe an fhoireann idirmheánach a tháinig sa tríú háit!

Na Meáin Shóisialta:

Lean muid ar:

Twitter (@nuachtGCM)

Facebook (Gaelcholáiste na Mara)

Instagram(Gaelcholáiste na Mara) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Nuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na MaraNuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na MaraNuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na MaraNuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na MaraNuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na MaraNuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na MaraNuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na MaraNuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na MaraNuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na MaraNuachtlitir Mhíosúil - Mí na Eanáir 2025- Gaelcholáiste na Mara
Márta 17
2026
Saoire bainc
Márta 30
2026
Saoire na Cásca
Beal 04
2026
Saoire bainc
Beal 29
2026
Saoire an tSamhraidh
An tInbhear Mór, Páirc na bPiarsach, Co. Chill Mhantáin, Éire.
0402 91764
Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Location
© 2026 Gaelcholáiste na Mara