Nuacht na scoile

Le SnaG 2019 agus go leor imeachtaí idirbliana bhí seachtain ghnóthach againn sa Ghaelcholáiste.
14-Márta-19
Nuacht na scoile

Bhí céiliúradh bríomhar againn sa scoil le coicís anuas don Ghaeilge le clár lán d'imeachtaí ar siúl. Ina measc bhí comórtas na Meme, comórtas na seanfhocal, Gurú na nGramadaí, Gaeilgeoirí an lae, an comórtas sacar idir-ranga, ceol ag am lóin, céilithe agus tráth na gceist do gach grúpa agus neart eile. Go raibh maith agaibh gach éinne a chabhraigh leis an eagrúcháin.

Bhí seachtain ghnóthach ag an Idirbhliain freisin le go leor ag dul ar aghaidh, comórtas mionchomhlachta, Ag tógáil bainc agus neart eile.

Guímid gach rath air gach éinne atá imithe ar an malartú Fraincíse go dtí an Máirt, bíodh turas slán taitneamhach agaibh.

Ar an Aoine cé go raibh na scoláirí saor thaistil grúpa go dtí BÁC chun páirt a ghlacadh i stailc chun tuilleadh brú a chur ar an rialtas gníomhú i gcoinne athrú aeráide agus ceimeanna a thógáil chun truailliú a laghdú. D'eagraigh an Coiste Glas sa scoil an turas, maith sibh a scoláirí - ar scáth a chéile a mhairimid.

Beal 29
2026
Saoire an tSamhraidh
MFómh 02
2026
Gach dalta ar ais i ranganna
MFómh 03
2026
Scoil Dúnta ag 12.55 tráthnóna traenála
MFómh 17
2026
Oíche Oscailte
© 2026 Gaelcholáiste na Mara