Nuacht na scoile 27/1

Nuacht na scoile 27/1
27-Eanáir-18
Nuacht na scoile 27/1

Ta na foirne spóirt thar a bheith gnóthach faoí láthair. Bhuaigh an fhoireann sacair fé 19 an chraobh Chill Mhantain/ Loch Garman I gcoinne Naomh Cillian . Tá an fhoireann fé 17 sa chraobh Chill Mhantáin/ Loch Garman chomh maith agus guímíd gach rath orthu. Comhgháirdeachas leo agus do na múinteoirí Oidí Gearóid agus Risteard.

Chuaigh cúigear dalta ag imirt iománaíochta ó bhliain 1 le foireann an Inbhir Mhóir le haghaidh Blitz. Cé nár bhuaigh siad an Blitz d’ éirigh leo dhá chluiche a bhuachaint.

Bhí seachtain gnóthach ag an rang ealaíne Bl5. Thosaigh siad ag obair le healaíontóir áitiúl Dave Bardon atá ag múineadh conas greanadóirach ghloine a dhéanamh dóibh. Tá an obair seo mar chuid den thionscnamh “Creative Engagement” a mbaineann leis an Cumann Náisiúnta Príomoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha. Beidh na daltaí ag dearadh a tsaothar gloine féin agus beidh Dave ag dearadh saothar mór chun 10 mbliana ag Gaelcholáiste na Mara a chéiliúradh.

Chuaigh siad ar thuras go dtí Coláiste na Tríonóide chun an Leabhar Cheanannais a fheiceáil agus go dtí Ard-mhusaem na hÉireann chun beocht a chur leis an staidéir Stair na hEalaíne ón seomra ranga.

MFómh 17
2026
Oíche Oscailte
DFómh 15
2026
CTMD Bliain 3
DFómh 26
2026
Sos Lár Téarma
Samh 04
2026
Lá Traenála-Scoil Dúnta
© 2026 Gaelcholáiste na Mara