Malartú Fraincíse 2019

Chuireamar fáilte roimh ár gcairde ó Chateaudun an tseachtain seo.
03-Aibreán-19
Malartú Fraincíse 2019

Tá ár gcairde ó Chateaudun anseo an tseachtain seo agus táimid ag tabhairt blaiseadh do chultúr na hÉireann dóibh. Bhí fáilte oifigiúil againn ar an Luan agus chaith siad an mhaidin ar fad anseo sa scoil. Thugadar an tacaíocht do bhliain sé agus ag ullmhú don scrúdú cainte sa Fhraincís. Bhí tréimhse eagraithe leo chun comhrá agus ceistiúcháin a dhéanamh. Ghlacadar páirt i gceilí bríomhar agus ansin bhí ceardlann iománaíochta agus peil ghaelach acu ar an bpáirc uile aimseartha. Don chuid eile don seachtain tá an grúpa ag dul ar thuras timpeall Cill Mhantáin agus Baile Átha Cliath, tá súil againn go mbaineann siad taitneamh agus tairbhe as an seal in Éirinn.

Malartú Fraincíse 2019Malartú Fraincíse 2019Malartú Fraincíse 2019
MFómh 17
2026
Oíche Oscailte
DFómh 15
2026
CTMD Bliain 3
DFómh 26
2026
Sos Lár Téarma
Samh 04
2026
Lá Traenála-Scoil Dúnta
© 2026 Gaelcholáiste na Mara