Ghlac blianta 1,2,3 agus an Idirbhliain páirt i gceardlann leis na Arklow Community First Responders sa scoil ar an Aoine. Léirigh siad an tábhacht a bhaineann le garchabhair tapaidh i gcás stad cairdiach agus a tábhacht a bhaineann leis na huath-dhífhibrileoir seachtracha (AED) atá lonnaithe sa bhaile ag sábháil beatha daoine. Rinne siad taispeántas ar chonas CPR a dhéanamh agus conas cabhrú le duine atá ag tachtadh. Míle buíochas do na Arklow Community First Responders. Is léir ó na ceisteanna a bhí ag na daltaí ag deireadh an léiriú gur spreag na láithreoirí suim sa gharchabhair sna daltaí.
