Feis Cheoil an Inbhir Mhóir

Bhí seachtain an-ghnóthach ag an scoil an tseachtain seo caite le roinnt iomatheoirí ag glacadh páirt i bhFeis Ceoil an Inbhir Mhóir. Bhí daltaí ag glacadh páirt i ndrámaíocht, ceol, canadh, cór agus dánta agus bhain gach uile dhuine tairbhe agus taitneamh as an seachtain. Míle buíochas do na múinteoirí a d’oibrigh leis na daltaí go léir.
14-Márta-16
Feis Cheoil an Inbhir Mhóir

Senior Drama Competition: Rang na hIdirbliana agus Oide Laura.

Rinne an rang léiriú iontach ar “The Plough and the Stars” agus fuair Shauna Lee-Thomas an gradam don aisteoir is fearr agus fuair Robyn Smith agus Ruairí Ó Máirtín árd mholadh don aisteoireachta.

Post Primary Unison Choir (Under 14 years) Competition and the Sacred Music (Post Primary Schools Choir) Competition

Ghlac cór na scoile, faoi stiúir Oide Breandán, páirt sa dhá chomórtas seo agus bhuaigh siad an dá chomórtas. Chan siad dhá amhrán, “All I Want” agus “Count on Me” sa chéad chomórtas agus “Ag Críost an Síol” agus “You’ve Hemmed me in Lord” don dara chomórtas.

Senior Choral Verse Competition:

Ghlac 1G, 1M, 2G agus 2M páirt sa chomórtas seo. Bhuaigh 2G an comórtas lena mhúinteoir Oide Elaine, le léiriú álainn do “The Pig” le Roald Dahl.

Dán Gaeilge (12-13 bl.d'aois):

Ghlac ceathrar ón scoil páirt sa chomórtas seo : Caoimhe Ní Chonchuir (1ú áit), Katie Ní Ghuaig (árd-mholad), Nele Ní Fhodhladha agus Becky Ní Chaollaí (2ú áit). Bhuaigh Caoimhe Ní Chonchúir an Corn Ó Hailpín don duine is fearr sna dánta Gaeilge go léir freisin.

MFómh 17
2026
Oíche Oscailte
DFómh 15
2026
CTMD Bliain 3
DFómh 26
2026
Sos Lár Téarma
Samh 04
2026
Lá Traenála-Scoil Dúnta
© 2026 Gaelcholáiste na Mara