Seo linn 2020

An bhliain nua linn agus tréimhse gnóthach i GCM.
16-Eanáir-20
Seo linn 2020

Athbhliain faoi mhaise chuig gach éinne, is fada uainn an Nollaig anois agus muid ag breathnú ar aghaidh ar an am atá le teacht.

Ó thangamar ar ais bhí go leor ar siúl. Bhí cluichí sacair ag na cailíní agus buachaillí, cluiche cispheile ag buachaillí Bl1, turas ag Bl2 go dtí an Eolaí Óg agus cruinniú tuistí ag Bl5.

Tá an IB ag dul ar thuras go Béal Feirste an tseachtain seo chugainn 21/22 Eanair, ádh mór orthu. Beidh na ranganna Ceoil ag dul le hOide Breandán go dtí' The Sound of Music' san amharclann Bord Gáis ar an 23/1. Tá an fhoireann chamógaíochta ag traenáil go dian le haghaidh an Craobh i gcoinne Dunlavin a mbeidh ar siúl ag deireadh na míosa.

Go luath beidh na triailscruduithe ag Bl3 agus Bl6 agus tá siad ag ullmhú iad féin don dúshlán faoi láthair.

Beal 04
2026
Saoire bainc
Beal 29
2026
Saoire an tSamhraidh
MFómh 02
2026
Gach dalta ar ais i ranganna
An tInbhear Mór, Páirc na bPiarsach, Co. Chill Mhantáin, Éire.
0402 91764
Kildare and Wicklow Education and Training Board
Green School
Location
© 2026 Gaelcholáiste na Mara