Is iar-bhunscoil lán-Ghaeilge í Gaelcholáiste na Mara.Is lárionad feabhais é, i bhforbairt
iomlánaíoch agus i dteagasc gach dalta ar leith atá anseo. Is duine speisialta é gach
aon dalta sa scoil. Oibríonn an fhoireann agus daltaí na scoile le chéile, i dtimpeallacht
oscailte agus cairdiúil. Cothaítear atmaisféar ina bhfuil ardmheas ar theagasc agus ar
fhorbairt phearsanta. Cuirtear béim mhór ar chomhoibriú agus ar chomhmheas. Tá an
Ghaeilge agus an cultúr Gaelach lárnach i ngach gné de shaol an choláiste. Ar scáth a
chéile a mhairimid.